FÁNAIḊEAĊT

I

gCONNDAE ṀUIĠEO

 

Séamus Mag Uiḋir

do scríoḃ.

 

 

OIFIG AN tSOLÁṪAIR

Baile Áṫa Cliaṫ.

 

 

An Ċéad Ċló, 1944.

Clóċualluċt Ċaṫail Tta., Baile Áṫa Cliaṫ

 


 

FÁNAIḊEAĊT I gCONNDAE ṀUIĠEO

CLÁR AN LEAḂAIR

IORRUS

CAIBIDIL I. Sean-ċáirde - An Muirṫead - Áiteaċa cáileaṁla - Áilneaċt na h-áite - Muinntear na h-áite - A sliġe ḃeaṫaḋ .

CAIBIDIL II. Tobar Ḋeirble - Naoṁ Deirble - Roilig an Ḟáil Ṁóir - Slad 1927 - "An Báṫaḋ Mór" - Caora Inis Géiḋe .

CAIBIDIL III. Sean-aṁránaiḋe - Breaṫnaiġ Inis Géiḋe - "Sail Óg Ruaḋ" - Sgéal an aṁráin .

CAIBIDIL IV. Iarsmaí ó’n tsean-am - Mainistear na Croise - Mainistear Ṫearmainn Ċaṫraċ - "Eoġan Cóir" - Riocard Bairéad (file) .

CAIBIDIL V. Inis Glóire - Na foṫraċa - Uaiġ Ċlainne Lir - Sean-leaċtanna - Ag déanaṁ an "turais" .

CAIBIDIL VI. An Geata Mór - Tiġearnaí Talaiṁ - Na Biongamaiġ - Sgláḃuiḋeaċt agus imirce - Tobar an Ċáirn .

ACAILL.

CAIBIDIL VII. Suiḋeaṁ an Oileáin - Ríoġaċt Acla - Iarsmaí ó’n tsean-am - Áilneaċt an Oileáin - Sliġe ḃeaṫaḋ na ndaoine .

CAIBIDIL VIII. An Seanċaiḋe - "Cúl na Beinn’" - Clann tSuiḃniġ - San Teaċ Ósda .

CAIBIDIL IX. Smuglaereaċt - An caiptín ó’n ḃFrainnc - Máġnus Mac Suiḃne - Teaċt Humbert - An tAṫair Máġnus Mac Suiḃne - An Sagart ar a ṡeaċaint - An Sagart ina ṗríosúnaċ - A ḃás .

CAIBIDIL X. I n-aimsir na bPéin-Dliġṫe - An tAṫair Ó Gallaċuḃair - É ar a ṡeaċaint - An spiadóireaċt - An feall - A ḃás .

CAIBIDIL XI. Gráinne Ní Ṁáille - A bunaḋ - Na Flaiṫḃeartaiġ - Na Máilliġ - Na Búrcaiġ - Eaċtra Ġráinne - "Diaḃal an Ċorráin" - "Caiptín Ó Máille"

CAIBIDIL XII. Tiġearnaí talaiṁ - Muinntear Brún - Muinntear Uí Ḋoṁnaill - Muinntear Ṁic Loċlainn - Muinntear Ṁic Ċormaic - ’Liam Píce - Iarla Ċáḃáin - "Cailleaċ a’ Valley" .

CAIBIDIL XIII. Roiṁ an Ġorta - Teaċt Nangail - Bunuġaḋ an "Ṁisiuin" - Imṫeaċta an "Ṁisiuin" - An "Achill Herald" - Meaṫ an "Ṁisiuin" - A ḋeireaḋ

CAIBIDIL XIV. An Ċéad Traen go hAcaill - An Tairingireaċt - An Traen Speiséalta Deiriḋ - Ag Fóġluim an Ḃéarla - Lá an Easbuig - "Hata Acla"

 



 

Fánaiḋeaċt i gConndae Ṁuiġeo

IORRUS

CAIBIDIL I

Sean-ċáirde - An Muirṫead - Áiteaċa cáileaṁla - Áilneaċt na h-Áite - Muinntear na h-áite - A sliġe ḃeaṫaḋ.

I LÁR an tSaṁraiḋ sa mbliaḋain 1938, an té a ḃéaḋ ina ṡeasaṁ ar ḋroiċead an ċanáil i mBéal a’ Ṁuirṫid, d’ḟeicfeaḋ sé beirt ḟear ar ḋá roṫar ag taḃairt a n-aġaiḋ siar agus siuḃal maiṫ fúṫa. Fear óg, sgafánta, leigṫe b’eaḋ duine aca a raiḃ seal bliaḋanta caiṫte aige i Meiriocá, áit ar éiriġ an saoġal go maiṫ leis. Ḃí sé ar ais ina ṫír ḋúṫċais aríst ag caiṫeaṁ saoire a ḃí tuillte go maiṫ aige. B’as Iorrus é. É ina Ġaeḋeal agus ina Ġaeḋealgóir breáġ agus meas ṫar an gcoitċeann aige ar an Ġaeḋilg, a ṫeanga ḋúṫċais. Ba é a ṁian an ċuid ba ṁó de Ċonndae Ṁuiġeo, go mór ṁór an Ġaeḋealtaċt atá san gconndae sin, a ṡiuḃal agus eolas a ḟaġáil ar ṡaoġal na ndaoine, ar a gcuid staire agus seanċais, agus an oiread de’n ċonndae a ḟeiceál le n-a ṡúile féin agus a ṫiocfaḋ leis ar feaḋ a ṡaoire.

Ní raiḃ sé ṫar cupla lá sa mbaile as Meiriocá nuair a casaḋ an mac seo air, agus, má ḃí ríméad ar an mbeirt a ċéile a ḟeiceál i ndiaiḋ seaċt mbliaḋan, cé ṫóigfeaḋ orṫa é, mar tóigeaḋ ag béal a’ dorais ag a’ ċéile iad agus ċuaiḋ siad ar sgoil le ċéile. Le linn a n-óige ba doiliġ beirt a ḟaġáil a ḃí ċoṁ tugṫa ḋ’á ċéile, agus i dtaca le spóirt agus aċrann na h-óige ḋe, ḃíoḋ gaċ aoinne aca sáiḋte ċoṁ mór ann leis an duine eile. Ar an gcaoi sin d’ḟás cáirdeaṁlaċt agus carṫannas eatorṫa beirt naċ réabfaiḋear fad is beo a lá, bíoḋ gur fada sgaiṫte sgarṫa ó ċéile anois iad. Aċt naċ ’in cúrsaí an tsaoġail?

Ar ċuma ar biṫ nuair a ḃí cúrsaí an tsaoġail i Meiriocá agus sa mbaile i gcaiṫeaṁ na seaċt mbliaḋan sin cíorṫa agus spíonta go maiṫ, ṡocruiġ muid beirt sgaṫaṁ a ċaiṫeaṁ le ċéile ag fánaiḋeaċt i gConndae Ṁuiġeo, ár gconndae dúṫċais, ag cur eolais ar na h-áiteaċa ann a ḃfuil cliú agus cáil orṫa ó ṫaoḃ na staire agus na h-áilneaċta. Ḃí ḟios againn beirt, ó’n tseanċas a ċuala muid ó am go h-am ó na sean-daoine in ár mbaile ḋúṫċais féin, go raiḃ áiteaċa sa gconndae ar ḃ’ḟiú a ḃfeiceál agus go raiḃ sgéalta agus seanċas imeasg na ndaoine ann ar ċóir a gcur ar ṗár ṡul a nglaoiḋeaḋ an bás uainn na seanċaiḋṫe a raiḃ an stór luaċṁar seo aca.

Ba ṁaiṫ a ṫuig muid naċ mórán a d’ḟéadfaiḋe a ḋéanaṁ san am a ḃí againn aċt níor ċuir sin aon droċ-ṁisneaċ orainn. Ḃí ḟios againn go ndeaċa daoine róṁainn a rinne a gcion san obair ċéadna agus go dtiocfaḋ daoine in ár ndiaiḋ a ċuirfeaḋ leis an méid a ḃéaḋ déanta, agus ar an gcaoi sin go ḃféadfaiḋe na bailiúċáin ḃeaga a ċur i dtoll a ċéile am eicínt agus cnuasaċt toirteaṁail a ḋéanaṁ a ċuirfeaḋ cuid ṁaiṫ de stair agus béaloideas an ċonndae ar an ḃfód sáḃáilte. Ḃí dúil againn beirt ’ċuile lá ariaṁ an oiread de’n ċonndae fré ċéile a ḟeiceál agus a ṫiocfaḋ linn ḋá dtigeaḋ an deis, agus anois nuair a ḃí an ċaoi agus an t-am againn níor ḃfailliġeaċ ḋúinn a ṫapuġaḋ. Deir an sean-ḟocal naċ ḃfuil long a ḟanfas le cóir naċ ḃfuiġiḋ, agus b’ḟearaċt sin againne é.

Ar an Muirṫead siar a ṫug muid aġaiḋ i dtoiseaċ mar ḃí ḟios againn de ṫairḃe an tseanċais a ċuala muid faoi go raiḃ sé ar ċeann de na h-áiteaċa ba suimeaṁla i nIorrus le cúpla lá a ċaiṫeaṁ ann. ’Sé an Muirṫead an ċuid sin d’Iorrus atá ar an taoḃ ṫiar de’n ċanál atá ag dul ṫríd Ḃéal a’ Ṁuirṫid agus atá ag ceangailt Cuan an Ḟóid Ḋuiḃ agus Cuan an Inḃir le ċéile. Sgarann an canál seo an Muirṫead ó’n ṁóir-ṫír sa gcaoi gur féidir a ráḋ gur oileán é an Muirṫead. Tá droiċead ag dul treasna an ċanáil agus caoi ann leis an droiċead a árduġaḋ, le báid agus longa a leigint ó ċuan go cuan do réir mar a ḃíos gáḋ leis.

Tá an talaṁ is fearr i nIorrus ar an Muirṫead agus ní ḋeaċa sé seo amuġa ar na tiġearnaí talaiṁ san am atá caiṫte, mar go mba líonṁaire iad ins an gceanntar sin ná i gceanntar ar biṫ eile i nIorrus. Ḃí go leor de na tiġearnaí seo a raiḃ an ċuid ba ṁó dá ndúiṫċí i n-áiteaċa eile ar fud Iorruis aċt má ḃí féin, ní raiḃ duine aca naċ raiḃ stiall de’n Ṁuirṫead aige. Is ar éigin má ḃí ceanntar ar biṫ eile dá ṁéid i nÉirinn a raiḃ an oiread tiġearnaí talaiṁ ag cur fúṫa ann agus a ḃí ar an Muirṫead. Aċt d’imṫiġ a lá agus is fada fánaċ an sgapaḋ atá orṫa agus ar a slioċt indiu agus tá a gcuid caisleán "ina ḃfoṫraċa folaṁa gan áird," aċt is glas i gcuiṁne na ndaoine go fóill cáil na dtiġearnaí sin, agus a leoca féin, ní h-í an deaġ-ċáil í. Is doiliġ dearmad a ḋéanaṁ ḋi mar ċáil, mar naċ ḃfuil míle de’n ċeanntar sin a ṡiuḃalfas duine naċ mbéiḋ rud eicínt le feiceál ann a ṁeaḃróċas dó an ċúṁaċt a ḃí ag na tiġearnaí sin agus an cruaḋtan agus an sgláḃuiḋeaċt a d’ḟulaing na daoine a ḃí mar ṫionóntaí fúṫa.

Ó Ḃéal a’ Ṁuirṫid siar ó ḋeas go dtí an Fál Mór ní tada gearr de ċeiṫre ṁíle ḋéag é. ’Sé an Fál Mór an baile is fuide ó ḋeas ar an Muirṫead, aċt ar ḟad na gceiṫre ṁíle ḋéag sin tá an oiread sin de’n áilneaċt faoi do ṡúil agat ar ’ċaon taoḃ naċ n-aireoċṫá fada mar aistear é. Tá Cuan an Ḟóid Ḋuiḃ ar ṫaoḃ na ciotóige ar ḟad an ḃealaiġ agus an Ḟairrge Ṁór ar ṫaoḃ na deasóige. Is ar éigin má cailltear aṁarc ar an ḃfairrge ar ’ċaon taoḃ ó ṫoiseaċ go deireaḋ an aistir agus ’ċaon taoḃ ḋíoḃ ċoṁ h-áluinn suimeaṁail leis an taoḃ eile. Tá tráiġeanna fada geala, alltraċa árda fiaḋáine agus carraigreaċa géara garḃa ar gaċ aon taoḃ agus iad uilig go léir ag cur leis an áilneaċt ina mbealaċ féin.

Ar ṫaoḃ na deasóige, amuiġ san ḃFairrge Ṁóir, tá Inis Glóire, an áit a ḃfuil Clann Lir curṫa, Inis gCaoraċ, Inis Géiḋe ó ṫuaiḋ agus Inis Géiḋe ó ḋeas. Ar an taoḃ ó ḋeas de’n Ḟál Mór tá Duḃ-Oileán agus na Léimneaċa. I ḃfad amaċ siar san aigéan tá an Toir, carraig ṁór atá corrlaċ le deiċ míle amaċ ó’n ṁóir-ṫír. Ar ṫaoḃ na ciotóige, mar aduḃraḋ, tá Cuan breáġ leaṫan an Ḟóid Ḋuiḃ. Taoḃ ṫoir de’n ċuan tá sléiḃte Iorruis agus Baile Ċruaiċ. Níos fuide soir aríst tá Corr-Ṡliaḃ le feiceál agus a ceann go maiṫ aici ar na sléiḃte eile atá luaiḋte. Ar an taoḃ ó ḋeas de’n ċuan tá Oileán Acla, áit a ḃfuil dúil againn cúpla lá a ċaiṫeaṁ agus a mbéiḋ cunntas faoi amaċ annseo.

Ceanntar réasúnta coṁṫrom é ó ḟágfas tú Béal a’ Ṁuirṫid go dtéiġiḋ tú go dtí an Fál Mór. Ṫiar i n-aice leis an ḃFál Mór tá Cnoc Tearmainn. Meall nó árdán mór cloċ-eiḃir é seo a ḃfuil clúdaċ tanaiḋe de ċréafóig ḃoiċt neaṁ-ṡéasúiriġ air. Suas go dtí timċeall fiċe bliaḋan ó ṡoin ḃí glaoḋaċ mór ar an gcineál sin cloiċe agus ḃí ḋá ċoiléar ḋ’á n-oibriuġaḋ ann agus ṫart ar céad fear ag obair agus ag saoṫruġaḋ ionnta.

Ṫugtaoi cuid ṁór de’n ċloiċ-eiḃir seo ċun bealaiġ go h-áiteaċa eile ar fud na tíre agus ṫar sáile go tíorṫa eile ċoṁ maiṫ mar ḃí árd-ċáil uirṫi agus í go feileaṁnaċ i gcóir foirgniḋ. Aċt cébí fáṫ a ḃí leis, ṫáinig meaṫ ar an tionnsgail sin sa gcaoi naċ ḃfuil ann anois aċt cineál béaloidis go raiḃ a leiṫeide ann.

Talaṁ gainiṁeaċ an ċuid eile de’n Ṁuirṫead, mórán. Tá cuid ṁaiṫ de faoi ġainiṁ ṡéidte atá ċoṁ geal le sneaċt, agus ċoṁ mín le min. Níl fásraḋ ar biṫ gur fiú tráċt air ar an ngainiṁ ṡéidte seo aċt corr-ṫom muiríniġe. Talaṁ sruṫ-ġainiṁ an ċuid eile agus é go maiṫ i gcóir curaiḋeaċta agus gan aiṁreas é saoṫruiġṫe go maiṫ. Níl fód aṁáin móna ó Ḃéal a’ Ṁuirṫid siar agus níl léiġeaḋ ná innseaċt ar an anró a ġeiḃtear ann ag iarraiḋ móin an ġeiṁriḋ a ṡoláṫar agus a ṫaḃairt ṫar cuan isteaċ ó’n ṁóir-ṫír.

Taoḃ tíre lom é naċ ḃfuil crann ná sgeaċ gur fiú le feiceál ann. Deir muinntir na h-áite gur cuireaḋ ann iad ó am go h-am agus go ḃfásaḋ siad maiṫ go leor go mbíoḋ siad sé nó seaċt dtroiġ ar airde agus annsin ċríonaḋ siad. An ġaoṫ láidir, ġuirt ó’n ḃfairrge ba ċionntaċ leis, dar leo.

Níl áilneaċt na h-áite seo ar aon dul le áilneaċt ḟiaḋáin, ṡléiḃteaṁail Ṫír Ċonaill ná áilneaċt ġarḃ, ċloċaċ, loċaċ Ċonamara, aċt mara ḃfuil féin tá áilneaċt ḋ’á ċuid féin ann. Tá raḋarc ar an ḃfairrge ó gaċ ball de. Tá tráiġeanna geala, gainiṁeaċa agus alltraċa árda, sin, agus corr-loċ, agus an méid sin go léir faoi n-a ṡúil ag duine i n-aon raḋarc aṁáin. Tá éagsaṁlaċt san áilneaċt atá ann agus an éagsaṁlaċt sin níos ciuine agus níos soċṁaiḋe ná mar atá le faġáil i n-aon áit eile san gconndae.

Is beag má tá difriḋeaċt ar biṫ idir tréiṫe na ndaoine ar an Muirṫead agus tréiṫe na ndaoine i gConamara ná i nGaeḋealtaċt Ṫír Ċonaill. Tá siad láġaċ, fial agus fáilteaċ agus iad i gcóṁnuiḋe réiḋ le caḃruġaḋ leis an strainséar. Fearaċt ’ċuile áit eile san Ġaeḋealtaċt, ní h-é go leor de ṁaoin an tsaoġail atá aca, nó ag an gcuid is mó aca ar ċuma ar biṫ. Aċt tá an ċuma orṫa go ḃfuil siad sásta le n-a ḃfuil aca, agus ní minic a cluintear ag claṁsán iad. Daoine láidre, cruaiḋ-ḋéanta iad uilig, agus cuma na sláinte agus an ḟollántais orṫa go léir fré ċéile.

Mar atá ráiḋte, tá an córtas agus an ġeanaṁlaċt a ġeiḃtear san Ġaeḋealtaċt le faġáil ann ó ṁuinntir na h-áite. I gceann an ṁéid sin, tá an tsaoiḋeaċt uasal Ġaeḋealaċ ann nár truailliġeaḋ go fóill le "síḃialtaċt" Gall. Is soiléir gur de’n dúṫċas an tsaoiḋeaċt sin; go ḃfuil sí geinte ins na daoine go smior agus go smúsaċ agus go ḃfuil an ḟuil uasal Ġaeḋealaċ go fóill ag ropaḋ léiṫe ina gcuisleanna go láidir bríoġṁar i ndiaiḋ an ṁéid a rinneaḋ le "Sacsan beag d’ar b’ainm Éire" a ḋéanaṁ de’n tír seo. Cé’n ċaoi eile a mbéaḋ sé leis na daoine seo atá le faġáil agus a tóigeaḋ san Ġaeḋealtaċt seo agus i ngaċ Gaeḋealtaċt eile sa tír? Naċ de ṡlioċt na riġṫe iad, an tslioċt sin a raiḃ an spiorad agus an uaisleaċt ró-láidir ionnta le n-a gcreideaṁ ná a ndúṫċas a ṡéanaḋ ná a ċaiṫeaṁ uaṫa ar ṁaiṫe le cúṁaċt, maoin ná saiḋḃreas? Is furast a ḟeiceál gur de ḃunaḋ na n-uasal iad san iomċur atá fúṫa agus an tógáil atá orṫa. Aċt naċ ’in é an sean-dúṫċas Gaeḋealaċ atá beo go fóill áit ar biṫ a ḃfuil an teanga ḋúṫċais go bríoġṁar láidir, mar atá sí ar an Muirṫead? Is roiġin an rud an dúṫċas agus is doiliġ a ċlaoiḋeaḋ agus tá a ċruṫuġaḋ sin go soiléir againn ins an áit seo.

Tá an Ġaeḋilg go beo bríoġṁar ag muinntir na h-áite seo go fóill, ċoṁ bríoġṁar slán agus atá i nGaeḋealtaċt ar biṫ eile sa tír, agus leis an eolas ceart a ḟaġáil ar an áit agus eile, ní mór do ḋuine ḃeiṫ i n-ánn an Ġaeḋilg a laḃairt go measarḋa maiṫ. Aċt ná síltear go ḃfuil siad i muiniġin na Gaeḋilge ar fad mar ṫeangaiḋ, mar naċ mar sin atá. Tá cuimse maiṫ Béarla aca ċoṁ maiṫ, aċt gur fearr i ḃfad atá siad i n-ánn seanċas a ḋéanaṁ agus a gcuid smaointe a noċtaḋ sa nGaeḋilg. Ina ċeann sin tá eolas coṁṫrom aca - na h-iasgairí go mór ṁór - ar an ḃFrainncis. Tigeann báid iasgaċa anall ó’n ḃFrainnc ag iasgaireaċt ṫart ar ċóstaí Iorruis agus bíonn dlúṫ-ḃaint ag na h-iasgairí sin le iasgairí na h-áite. Sin é an ċaoi a ḃfuair siad an t-eolas ar an ḃFrainncis mar go mbíonn na Franncaiġ ag ceannaċt an éisg uaṫa, agus, ag déanaṁ an ṁargaiḋ ḋóiḃ, ’sé an dá mar a ċéile aca é an Béarla nó an Ḟrainncis.

 

 

CAIBIDIL II

Tobar Ḋeirble - Naoṁ Deirble - Roilig an Ḟáil Ṁóir - Slad 1927 - "An Báṫaḋ Mór" - Caora Inis Géiḋe.

ANOIS, a léiġṫeoir, ó ṫárla breac-ḃaraṁail agat ar an gcineál ceanntair é an Muirṫead ní fearr rud a ḋéanfá ná bualaḋ linn siar ċoṁ fada is is féidir linn agus annsin cuartuġaḋ linn aniar ar ais go ḃfeicimid cé’n t-eolas atá le faġáil. B’ḟéidir gur fánaċ an ċaoi a gcasfaiḋe sean-duine eicínt orainn ar an searsa sin a ḃéarfaḋ glac seanċais dúinn faoi na h-áiteaċa is mó le rá ó ṫaoḃ staire agus seanċais. Caiṫfiḋ sé go ḃfuil an t-an-ċuimse seanċais ann aċt bun a ċur air, mar ó n-a ḃfuil le feiceál ann de sean-ḃeanntraċa, ballóga agus foṫraċa sean-ṁainistreaċ, is cinnte go raiḃ an Muirṫead go h-árd i réim tráṫ de’n tsaoġal.

Mar aduḃraḋ ċeana ’sé an Fál Mór an baile is fuide siar ar an leiṫ-inse seo. Ar ċúl an ḃaile tá dúṁaċa móra gainiṁe gan aon ċeo ag fás orṫa aċt corr-ṡlámán muiríniġe agus dornán fánaċ de ḟéar ċruaḋ roiġin. Istiġ i logán imeasg na ndúṁaċa gainiṁe seo tá tobar beannuiġṫe. Is minic a déantar iongantas de naċ líontar suas an tobar seo leis an ngainiṁ atá ṫart air ar ’ċaon taoḃ. Tá ḋá ainm ar an tobar seo. Tobar na Dúṁaiċe an t-ainm is miniciġe a cluintear ag muinntir na h-áite air aċt tá Tobar Ḋeirble air ċoṁ maiṫ. ’Ċuile ḃliaḋain idir an dá Lá Ḟéile Muire bíonn na sluaiġte le feiceál ’ċuile lá, mórán, ag déanaṁ an "turais" ag an tobar seo.

Ar ndóiġ ní faisiún úr ná nuaiḋe é daoine a ḟeiceál ag déanaṁ "turais" áit ar biṫ a ḃfuil tobar beannuiġṫe aċt ní raiḃ aon tsásaṁ intinne le faġáil ag mo ċomrádaiḋe - Miċeál a b’ainm ḋó, mur ḃfuil sé i n-am agam é a ċur i n-aiṫne ḋuit, a léiġṫeoir! - go ḃfaġaḋ sé amaċ cé’rd ba ḃun leis an turas i dtoiseaċ. Cráin-ḟear cnáṁaċ, cruaiḋ de iasgaire a ḃí ag cur deis’ ar ṡean-ċuraċ ṫíos ar an dúirling a d’innis ḋúinn beirt an sgéal a ḃaineas leis an tobar beannuiġṫe seo agus seo ċugaiḃ anois é mar a h-innsiġeaḋ dúinne é, agus má tá bréag ann bíoḋ, ní muide a ċum ná a ċeap é, mar adeireaḋ na sean-tseanċaiḋṫe.

Am eicínt i ndeireaḋ na h-oċtṁaḋ aoise, ḃí tiġearna nó flaiṫ saiḋḃear ina ċóṁnuiḋe áit eicínt suas i lár na hÉireann. Ní raiḃ de ċlainn aige aċt an t-aon inġean aṁáin agus más fíor do’n tseanċas ba ḃreáġ, daṫaṁail an ainnir í nuair a ḃí sí ina cailín óg. Casaḋ taoiseaċ airm ar cuairt i dteaċ an ċailín óig tráṫ agus leis an gcéad aṁarc ṫuit sé i ngráḋ léiṫe. Ba ḃeag cluas a ṫug sise ḋó nuair a d’iarr sé uirṫi é a ṗósaḋ. Ċuir an taoiseaċ seo go bog agus go cruaiḋ ar aṫair an ċailín cóṁairle a ċur ar a inġin glacaḋ leis an tairisgint a ḃí ḋ’á taḃairt ḋi. Ḃí an t-aṫair sásta go leor leis aċt ḃí sé fánaċ ag an mbeirt ḟear a ḃeiṫ ag iarraiḋ cóṁairle mar sin a ċur uirṫi-se. Ḃí rún aici-se a saoġal a ċaiṫeaṁ i seirḃís Dé agus ċaiṫ sí ’ċuile smaoineaṁ ar ṗósaḋ as a ceann, sa gcaoi naċ raiḃ gar ann do’n aṫair ná do’n taoiseaċ a ḃeiṫ ag iarraiḋ uirṫi géilleaḋ ḋá dtoil.

Cé go ndearna sí gaċ a dtáinig léiṫe leis an rún a ḃí aici a ċur ina luiġe ar an mbeirt ḟear ní raiḃ lá suaiṁnis le faġáil aici ó’n taoiseaċ seo aċt é go síorraiḋe agus i dtólaṁ ag iarraiḋ a ċur i n-iúl do Ḋeirble, an cailín óg, ċoṁ mór agus ḃí sé i ngráḋ léiṫe. Ḃí sé ag dul di ċoṁ mór sin gur ṡocruiġ sí ar deireaḋ a h-áit ḋúṫċais a ḟágáil agus imṫeaċt léiṫe goh-áit eicínt naċ mbéaḋ aon ḟaġáil ag an taoiseaċ uirṫi.

D’ḟág sí slán ag a muinntir agus moill ná mór-ċóṁnuiḋe ní ḋearna sí gur ṡroiċ sí an Fál Mór i n-iarṫar Iorruis. Ag marcuiḋeaċt ar asal a ṫáinig sí, agus cinnte ba doiliġ áit ní b’iargcúltaiġe a ḟaġáil ná an áit ḟiaḋáin, lom sin ṫiar ar éadan an ċnuic ar bord na Fairrge Móire. Ba ċráiḃṫeaċ naoṁṫa an saoġal a ḃí ḋ’á ċaiṫeaṁ aici ann ag caḃruġaḋ leis na boċtáin agus ag treoruġaḋ na ndaoine san áit ċuig Dia ar ’ċuile ḃealaċ.

Aċt is doiliġ an gráḋ a ċeannsuġaḋ agus ar ndóiġ más fíor do’n tsean-ḟocal é, galar é an gráḋ naċ leiġeastar le luiḃeanna agus is cosaṁail naċ raiḃ leiġeas i ndán do’n taoiseaċ seo go ḃfaġaḋ sé Deirble. Ċoṁ luaṫ agus ċroṫnuiġ sé ise imṫiġṫe as a h-áit ḋúṫċais ṫoisiġ seisean ’ġá tóruiḋeaċt. Lean sé ḋó oiḋċe agus lá ar an tóir go géar go ḃfuair sé fáirnéis ar deireaḋ go raiḃ sí ag cur fúiṫi ṫiar ar an ḃFál Mór.

Nuair a fuair sé sin amaċ srian níor ṫarraing sé gur ṡroiċ sé an áit a raiḃ sí. Ba ar luing a ṫáinig sé ann agus ba i gclúid an Ṗuirt Ṁóir a ċaiṫ sé ancoire. Nuair a ṫáinig sé i dtír ċuir sé tuairisg Ḋeirble, rud a fuair sé gan ró-ṁoill. Nuair a ḃuail sé isteaċ sa mboṫán a ḃí aici, níor b’iongantaiġe léiṫe an sioc sa tSaṁraḋ ná é a ḟeiceál aríst, mar go mba é an duine deiriḋ a raiḃ súil aici a ḟeiceál san áit iargcúlta sin.

Ċuir sí fearaḋ na fáilte roiṁe agus d’ḟiafruiġ ḋe céard a ṫug an bealaċ sin é. D’innis sé ḋi agus ṫoisiġ air aríst ar an tsean-sgéal sin naċ mbéiḋ sean go deo, ag cur i n-iúl ḋi ċoṁ mór agus ḃí sé i ngráḋ léiṫe agus naċ raiḃ aon tsólás i ndán dó sa tsaoġal seo gan í. Lean an seanċas seo eatorṫa go ceann sgaṫaiṁ maiṫ, ise ag iarraiḋ cóṁairle a ċur air filleaḋ aḃaile agus dearmad a ḋéanaṁ ḋi. Aċt ní raiḃ gar ann di. Ar deireaḋ nuair a ḃí sí sáruiġṫe amaċ ḋ’á ċóṁairliuġaḋ agus é ag cliseaḋ amaċ is amaċ uirṫi, d’ḟiafruiġ sí ḋe céard a ċonnaic sé innti ṫar ċailín ar biṫ eile go dtug sé an oiread sin gráḋa ḋi.

"Do ḋá ṡúil," ar seisean.

Ní ḋearna sí a ḋaṫ aċt a ḋá súil a ṗiocaḋ amaċ as a ceann agus iad a ċaiṫeaṁ ċuige. D’ḟóbair go mbrisfiḋe a ċroiḋe nuair a ċonnaic sé an rud a rinne sí aċt ní raiḃ leiġeas aige ar an ngníoṁ a ḃí déanta. Le croiḋe a ḃí anois ina ċrotal-cró i ngeall ar a ḋílseaċt i ngráḋ, d’ḟág sé slán ag Deirble agus an Fál Mór agus sgéal ná sguan níor cluineaḋ faoi san áit sin ní ba ṁó.

Ḃí Deirble dall annsin agus caoi ḃoċt uirṫi aċt lean sí leis an tsaoġal diaḋanta cráiḃṫeaċ, ag guiḋe Dé fóirṫint di agus do ḃoċtáin na h-áite. Lá aṁáin agus í ag iarraiḋ a ḃeiṫ ag moṫuġaḋ a bealaiġ ṫríd dúṁaċa an Ḟáil Ṁóir, d’airiġ sí crónán fiodáin cóṁgaraċ ḋi. Rinne sí a bealaċ i dtreo an ḟiodáin agus nuair a ṡroiċ sí an t-uisge ċrom sí síos gur ċuir sí baslaċ ar a h-éadan. Ar an móiméad ar ċuir sí an t-uisge ar a h-aġaiḋ fuair sí raḋarc na súl ar ais aríst. Tá Tobar Ḋeirble ó’n lá sin go dtí an lá atá ann indiu san áit ar niġ an cailín óg sin a h-éadan na céadṫa bliaḋan ó ṡoin agus ómós mar is cuiḃe ḋ’á ṫaḃairt dó ag Gaeḋil anuas ṫríd na bliaḋanta sin.

Ṫoisiġ Deirble ag obair i ndáirírí annsin. Ċuir sí mainistear ar bun ar an ḃFál Mór agus lean sí uirṫi ag cur síol na Críostuiḋeaċta sa gceanntar sin. Idir an Eaċléim agus an Fál Mór tá baile a dtugtar an Tearmainn air agus ba leis an mainistir a ḃí ag Deirble talaṁ an ḃaile sin mar a tuigtear ó’n ainm. Tá foṫraċa na sean-ṁainistreaċ sin le feiceál go fóill i roilig an Ḟáil Ṁóir agus más féidir tuairim ar biṫ ar a méid a ḟaġáil ó’n ṁéid di atá fágṫa, is léir nár ṁainistear ró-ṁór a ḃí innti. Tá uaiġ Ḋeirble sa roilig sin le h-ais na ḃfoṫraċa agus balla beag cloċ ṫart uirṫi, agus gan fiú tráiṫnín aṁáin féir ag fás uirṫi aċt í ċoṁ lom le croiḋe do ḃoise. Tá sean-leaċtanna go leor sa roilig ċéadna, cuid aca ċoṁ h-aosta sin naċ féidir aon ṁeaḃair a ḃaint as an sgríḃinn atá orṫa. Tá sean-ċloċ ṫumba ann a ḃfuil an dáta 843 gearrṫa uirṫi agus giḋ go raiḃ tuilleaḋ ṫar an dáta uirṫi ní féidir níos mó a ḋéanaṁ amaċ.

Naċ fada siar a ṫéiġeas cuiṁne Gaeḋeal agus naċ iongantaċ mar a ṫáinig seanċas na laeṫe i n-allód anuas ṫríd na h-aoiseanna ó ġlúin go glúin go dtiocfaḋ le sean-iasgaire a tóigeaḋ ar bord na Fairrge Móire, seanċas bríoġṁar cruinn a ḋéanaṁ indiu ar neiṫe a ṫárla os cionn míle bliaḋan ó ṡoin!

"Tá sgéal Naoṁ Deirble agaiḃ anois," ar seisean, "mar a ṫáinig sé anuas ċugam-sa uaṫa seo atá imṫiġṫe agus cuirigiḋ siḃ-se uaiḃ é ċuca seo a ṫiocfas i n-ḃur ndiaiḋ, mar d’ḟág sí a rian ar an áit seo sa gcaoi naċ ndéanfaiḋear dearmad di ḟad ’s ḃéas uisge a’ riṫ ná féar ag fás ar na creagáin ġarḃa seo. Tá a h-uaiġ, mar aduḃairt mé liḃ, ṫoir sa roilig agus má ṫéiġeann siḃ soir, ná dearmad Paidir agus Cré a ċur le n-a ḃfuil curṫa ann mar ṫuill siad é agus is boċt an niḋ a ḃeiṫ gann faoi do ġuiḋe. Is beag ḋinn féin naċ mbéiḋ caḃair a ḋiṫ orainn. Aċt ar ndóiġ tá Dia láidir."

"’Sé ’tá," arsa Miċeál, "agus Máṫair ṁaiṫ Aige."

D’ḟág muid slán ag an tsean-iasgaire agus ḃog muid linn suas ag déanaṁ ar an tsean-roilig. "Ḃfaca tú iongantas ariaṁ aċt an ċaoi a ḃfuil an Ġaeḋilg agus an Béarla ar a ṫoil ag an tsean-ḟear sin?" arsa Miċeál. "Tig leis casaḋ leis ó ċeann go ceann aca ar a ṡocraċt gan pioc stróiṁ ná briotaiġile ’réir mar ḟeilfeas teanga aca ṫar an gceann eile do’n tseanċas."

"Naċ ḃfeicim sin," arsa mise, "aċt is bríoġṁaire i ḃfad a ċuid seanċais nuair is i nGaeḋilg a sgaoileann sé uaiḋ é. Naċ é an truaġ é go ḃfuil a leiṫeide ag imṫeaċt uainn go tiuġ agus ag taḃairt ’un na cille leo, an teanga uasal agus an stór luaċṁar seanċais atá aca?"

"Is mór an tsléaċt agus an ċaill é dá mbéaḋ neart air," arsa Miċeál, "go mór ṁór an Ġaeḋilg. Naċ ḃfeiceann tú go gcuireann an sean-Ġaeḋilgeoir i láṫair is faoi ċoimirce Dé ṫú leis an gcéad ḟocal a ṫigeas as a ḃéal nuair a castar ort é, agus aríst, agus tú ag sgaraḋ uaiḋ, guiḋeann sé Dia na nGrást’ a ḃeiṫ do d’ ċosaint ’s do d’ ċúṁdaċ ó anaċain ’s ó ḃaoġal?"

"Naċ ḃfeicim sin," arsa mise, "aċt seo í an roilig annseo agus buailimís isteaċ go mbreaṫnuiġmid ṫart. A Ṫiġearna, naċ é an áit atá ciuin, annseo ar ċolḃ na Fairrge Móire, gan aon ċeo ag cur isteaċ ar an gciuineadas sin aċt mion-tsleasáil na dtonnóg atá ag liġe agus ag pógaḋ na gcairrgreaċ ṫíos, an lá ciuin saṁraiḋ seo! Bíoḋ geall naċ mbíonn an áit seo ċoṁ soċṁaiḋe socair nuair ḃíos an ḟairrge tóigṫe le stoirm agus anfaḋ an ġeiṁriḋ, nuair a ḃíos na róisteaċa móra muing-ġeala ag teaċt ina sean-rása aniar ó ḃun na spéire agus ġá gcaiṫeaṁ féin go mío-ṫrócaireaċ árd-ġlóraċ i n-aġaiḋ na gcairrgreaċ seo ṫíos?"

"Is beag beann atá ag na cairrgreaċa sin ar ṫreasgairt na dtonn mar tá an seasaṁ ionnta agus iad sáṫaċ duḃṡláinneaċ ḋóiḃ dá ċúṁaċtaiġe iad," ar seisean. "Aċt naċ í seo uaiġ Ḋeirble leis an mballa beag cloċ ṫart uirṫi?"

B’ḟíor do’n tsean-iasgaire. Ní raiḃ tráiṫnín aṁáin féir ná cineál ar biṫ eile ag fás uirṫi. Í go lom íseal annsin i gcroiḋe na roilige mar ḃí an naoṁ í féin tráṫ i gcroiḋe na ndaoine atá ṫart uirṫi anois ag iomċur na ḃfód. Agus, a Ḋia, naċ é an sean-iomċur é ag cuid aca seo atá ’na luiġe annseo le corrlaċ ’s míle bliaḋan? Is doiliġ baraṁail a ṫaḃairt ar an gcineál saoġail a ḃí ar an ḃFál Mór nuair a ṁair Deirble ann aċt is cosaṁail gur ġlac na daoine a ḃí ann an tráṫ sin go fonnṁar, dúṫraċtaċ le teagasg an naoiṁ agus tá a rian sin san áit indiu, mar aduḃairt an t-iasgaire. Má ḃí sluaġ mór ṫart uirṫi ina lá níl sí gan cóṁluadar ṫart uirṫi anois ċoṁ maiṫ leis an uair sin. Nár ḋearmadṫar go deo iad, agus go mba h-árd a leabaiḋ imeasg na naoṁ.

"Aċt breaṫnuiġ, a Ṁiċeáil, cé ’tá curṫa faoi ’n leaċt ḃreáġ, árd údaiġ ṫiar ag sgonnsa na roilige?"

"Sin é an áit a ḃfuil na h-iasgairí as Inis Géiḋe a báiṫeaḋ suim bliaḋanta ó ṡoin curṫa. Nár ċuala tú faoi’n mbáṫaḋ ṁór sin?"

"Ní feasaċ mé gur ċuala," arsa mise.

"Innseoċaiḋ mise ḋuit é mar is maiṫ is cuiṁneaċ liom an oiḋċe ċéadna. Amaċ i mí Ḋeire Fóġṁair sa mbliaḋain 1927 ṫáinig tráṫnóna ċoṁ ciuin sáiṁ ’s a ṫáinig ó ṡoin. Ṫuit sé ’un ciuinis ċoṁ mór sin le contráṫ na h-oiḋċe naċ gcorróċaiḋe ribe gruaige ar do ċeann. Ḃí ’ċuile ċosaṁlaċt ar an ḃfairrge go mbéaḋ iasg le faġáil go fairsing an oiḋċe sin agus seo ċun fairrge iasgairí Inis Géiḋe ina gcuid curaċ ag braṫ slad a ḋéanaṁ ar na h-éisg an oiḋċe sin. Rinneaḋ an slad agus sléaċt aċt ní ar na h-éisg a rinneaḋ é aċt ar na h-iasgairí, mar a ċluinfeas tú.

Nuair a ḃí sé ag teannaḋ amaċ le meaḋon oiḋċe agus na h-iasgairí ag bordáil a gcuid eangaċ amuiġ i ndoiṁneaċt na fairrge, agus éadáil ṁaiṫ aca ionnta, mar a ḃuailfeá do ḋá ḃois faoi n-a ċéile, d’árduiġ an stoirm de ṗlimp. Ṡiab sí agus ṡéid sí, agus ag neartuġaḋ a ḃí sí go dtí go raiḃ an ḟairrge tóigṫe ina róisteaċa fiaḋáine aici taoḃ istiġ de leaṫ-uair a ċluig. A leiṫeide níor ṡéid ariaṁ ċoṁ tobann. Glacaḋ na h-iasgairí ċoṁ gearr sin san am naċ raiḃ súil ar biṫ aca le n-a leiṫeide, agus iad ag carraiḋeaċt le eangaċa fliuċa amuiġ san aigéan i ndorċadas na h-oiḋċe gur gearr a ṡeas siad. Cuireaḋ cuid de na curaiġ faoi ċois agus séideaḋ cuid eile aca roiṁ an ġaoiṫ gur dearnaḋ cláiríní ḋíoḃ i n-aġaiḋ na gcairrgreaċ sin ṫiar. Ba uaṫḃásaċ go deo an oiḋċe í le stoirm nár ṁair i ḃfad, aċt ba ḃoċt an oiḋċe í do ṁuinntir Inis Géiḋe. D’ḟág stoirm na h-oiḋċe sin néall ar ṁuinntir na n-oileán naċ ndéanfaiḋ siad dearmad de i gcaiṫeaṁ a solais."

"Ar báiṫeaḋ mórán an oiḋċe sin?" arsa mise.

"Báiṫeaḋ, fairíor," ar sisean. "Ní aṁáin as Inis Géiḋe aċt rug an stoirm ċéadna ar iasgairí ṫart ar ċladaiġ Ċonamara agus ar ṫuaisceart Ṁuiġeo gur sguabaḋ go tóin puill mór-ṡeisear a’s dá ḟiċead, más cuiṁneaċ liom i gceart é. Fuarṫas cuid de na cuirp ina ḋiaiḋ sin aċt ag Dia aṁáin atá ḟios cá ḃfuil uaiġ na coda eile."

"Feicim go ḃfuil aon duine ḋéag curṫa san uaiġ seo," arsa mise.

"Tá," ar seisean. "Iad seo a báiṫeaḋ as Inis Géiḋe atá curṫa annseo agus féaċ gur ċaḃruiġ na deoraiḋṫe Gaeḋeal le leaċt mar ba ċóir a ċur ar an muinntir a ḃfuil a gcolannaċa i dtaisge san uaiġ seo."

"Naċ ḃfeicim sin?" arsa mise, "agus ba ṁinic ċeana a mb’éigean dóiḃ teaċt de ċaḃair ar ṁuinntir na Gaeḋealtaċta. Is fada anois í faoi aṁgar agus faoi ċráḋ, mar Ġaeḋealtaċt. Le mo linn féin is iomḋa céasaḋ atá fáiġte aici ó Ċonamara go hÁrainn Ṁóir ar ċladaiġ Ṫír Ċonaill. Is fada a ḃéas cuiṁne ag muinntir Ċois Ḟairrge ar an tsléaċt a rinne an mine a ṫáinig i dtír annsin agus gan ḟios ag na daoine a ḃí cruinniġṫe ṫart air céard a ḃí ann gur ṗléasg sé agus gur dearnaḋ mion-spruaḋán díoḃ uilig. Annsin, naċ glas in do ċuiṁne féin an mío-áḋ mór a ṫuit ar ṁuinntir na h-Árainne Móire i dTír Ċonaill nuair a báiṫeaḋ naoi nduine ḋéag a ḃí ar a mbealaċ aḃaile as Albain agus an mío-áḋ sin a ṫuitim orṫa agus iad i n-aṁarc a dtiġṫe féin. Annsin aríst teanam leat go hAcaill áit a ḃfuil gruaiḋeanna fliuċa go fóill agus ní gan áḋḃar. Tá bás agus an-ḃás ann aċt naċ iad an deiċneaḃar ógánaċ a ḃí i nAlbain as Acaill a fuair an t-an-ḃás nuair a rinneaḋ luaiṫreaṁán díoḃ ṫall. Ní h-iongantas ar biṫ é na gruaiḋeanna a ḃeiṫ fliuċ ag muinntir Acla mar gur tugaḋ cuirp na n-ógánaċ sin aḃaile ċucu ina luaiṫreaṁán gan toirt gan aiṫne."

"Is truaġ é, agus is ró-ṫruaġ é go dtárluiġeann a leiṫeide," arsa Miċeál, "aċt ar ndóiġ b’in an bás a ḃí i ndán dóiḃ agus ní raiḃ aon dul uaiḋ aca."

"Sean-sgéal é sin agus meirg air, a Ṁiċeáil. ‘An bás a ḃí i ndán dóiḃ.’ Seafóid! Naċ boċt an ḃail atá ag dul ar iarsmaí Ċlann Gaeḋeal i ndiaiḋ an ṁéid a d’ḟulaing siad le n-a dtír, a gcliú agus a gceart a ċosaint agus anois nuair ba ċóir tárrṫáil a ḃeiṫ le faġáil aca ar deireaḋ, níl le faġáil aca aċt báṫaḋ agus dóġaḋ. Mur ḃfuil i ndán dóiḃ aċt sin i ndiaiḋ an iomláin, is cleasaċ an peata an ċinneaṁaint."

"Aċt ós ag tráċt ar ár agus sléaċt muid, naċ iongantaċ nár cumaḋ dán ná aṁrán fúṫa seo atá curṫa annseo? Mac a saṁail ‘Anaċ Cuain’ a ċum Reaftuirí fadó atá mé a ráḋ," arsa Miċeál.

"Ó ṫárla gur ṁeaḃruiġ tú ḋom é, is cuiṁneaċ liom gur cumaḋ," arsa mise. "Ná síl go ḃfuil Iorrus fágṫa go fóill gan file. Tá fear a dtugtar Seán Ó Monaċáin air ina ċóṁnuiḋe ar an Árd Mór i n-aice le Béal a’ Ṁuirṫid agus ċum seisean píosa filiḋeaċta faoi. B’ḟéidir gur furast méar a leagaint air mar ḟiliḋeaċt aċt ba ṁaiṫ an iarraiḋ é do ḟear naċ raiḃ i n-ánn léiġeaḋ ná sgríoḃaḋ. Seo ċugat anois saoṫar Ṡeáin go ḃfeiciḋ mé do ḃaraṁail faoi:

 

AN BÁṪAḊ MÓR

1

Naċ boċt an ġáir is naċ daor an bás é,

Ó rinneaḋ an t-ár seo i nInis Géiḋe?

Tá’n sgata báiḋte a b’ḟearr san áit seo

I bPort a’ Ċárainn, ’s naċ mór an sgéal!

Dá sínṫí a gcnáṁa i gcóṁnra cláraiḋ

Nó ’n ċolainn ġránda ḃeiṫ curṫa i gcré,

Ní ḃéaḋ mná ’gus páistí ċoṁ buarṫa cráiḋte

’S ḃéaḋ a muinntear sásta i nInis Géiḋe.

2

Ní i mbaile ná paráiste ’tá cainnt faoi’n mbáṫaḋ

Aċt ins na ceiṫre h-áirdí uilig go léir;

Ar sgéal ċoṁ cásṁar tá’n doṁan a’ tráċtaḋ

’S ní gan áḋḃar, céad fairíor géar!

’S gurb é seo an cóireaḋ a ḃí geallta ḋóḃṫa

Nuair a d’árduiġ an cuaifeaċ ’s an tír faoi ṡuan,

Ṫart le cóstaí ḃí an ḟairrge tóigṫe

Gan sliġe gan treoruġaḋ mar ḃí i nAnaċ Cuain.

3

Ḃí ’n doṁan tréigṫe ag gealaċ ’s réalta,

Ba duḃ na spéarṫaí ó ṫuit an oiḋċ’,

Nár ṁór é a n-eagcaoint ’s iad sa ngéiḃinn,

Ní raiḃ gar ’á ḟéaċaint ó d’aṫruiġ an ġaoṫ.

Ní raiḃ gaṫ gealaiġe ann ná deallraṁ gréine,

Gur ċaill siad léargus ’s meaḃair cinn

’S ó d’ḟeall na céaslaí ’gus moṫuġaḋ a méara

Gur cuireaḋ i dtréas iad i mbéal na tuinn’.

4

Ḃí an ġaoṫ ag séideaḋ ṫrí ċnuic ’s sléiḃte,

An ḟairrge ag géaruġaḋ i mbéal an ċuain;

Ḃí an curaiċín éadtrom gan bríġ gan téagar,

’S nár ḃeag a h-éitir ar ḃárr na dtonn.

Ḃí an ḃuilg a’ bualaḋ ’r an taoḃ ó ṫuaiḋ ḋíoḃ,

’Sí taḃairt fuagraiḋ ġlain ġéir ó’n mbás,

Aċt ḃí aingle a’ fuagairt ’r an tráiġ taoḃ ṫuas díoḃ

Agus leagaḋ anuas iad i mbéal an tsnáiṁ.

5

Mac Dé ’s A Ṁáṫair a d’árduiġ an gála,

Le toil na nGrásta a ṡéid an ġaoṫ:

Ḃí a cúṁaċt ró-láidir, ní raiḃ goir ’á sáruġaḋ

’S ní ḟéadfaḋ bádóir a ṫeaċt i dtír.

Aċt níl sa mbáṫaḋ aċt gur mór an t-ár é,

Is tapaiḋ an bás é gan briseaḋ croiḋe,

Ní aicíd áiṫrid é feaḋ bliaḋan’ ná ráiṫe,

Aċt beannaċt a ḟágáil le buaiḋreaḋ ’n tsaoġail.

6

Séard duḃairt na h-áird-ċinn ċaiṫ i ḃfad i gcoláiste,

A fuair fios ó’n bPápa ar ċainnt na naoṁ,

Má rinneaḋ an báṫaḋ i bPort an Ċárainn

Go raiḃ an Breiṫeaṁ i láṫair ’ġá leigint saor.

Ḃí Dia ’ġá sáḃáil ’s ag réiḋteaċ áit’ dóiḃ

Ní sgaṫaṁ gearr é ná lóistín oiḋċ’,

Aċt do’n anam táruiġṫ’ céad míle fáilte

I Ríoġaċt an Áird-Ríoġ aríst a ċoiḋċ’."

 

"Ṁ’anam," arsa Miċeál, "gur maiṫ atá sé curṫa le ċéile ag an ḃfile agus ba doiliġ leaċt cuiṁneaċáin ní b’ḟeileaṁnaiġe a ṫógáil ar na créatúirí atá anois ag taḃairt an ḟéir annseo. Dream iad a ṡaoṫruiġ a gcuid go cruaiḋ, contaḃairteaċ oiḋċe ’gus lá aċt tá súil le Dia agam go ḃfuil siad san áit naċ mbéiḋ aon easnaiṁ orṫa feasta.

Tá sompla maiṫ le faġáil ṫart annseo ar an tsaoġal anróiteaċ atá aca seo atá ina gcóṁnuiḋe cois na Fairrge Móire. D’ḟéadfaiḋe a ráḋ gur ins an ḃfairrge sin atá a mbeaṫa agus a mbás leis na cianta. Ba í a ḃí ’ġá sguabaḋ anonn go Meiriocá fadó ina ngasúir ḃoga óga agus ina sean-daoine críona, liaṫa i n-aimsir an droċ-ṡaoġail. ’Sí atá ’ġá n-iomċur anois féin ṫar sáile go tíorṫa eile ar lorg greim a mbéal. Iad seo naċ ḃfágann baile bíonn siad ag síor-ṗléiḋe léiṫe ag iarraiḋ sliġe ḃeaṫaḋ a ḃaint aisti. Is iongantaċ é gráḋ na ndaoine seo do’n ḟairrge, aċt dá ṁéid a gcuid gráḋa ḋi, tá sgáṫ a gcroiḋe orṫa róimpi, mar is maiṫ atá ḟios aca, má tá sí mealltaċ ciuin sgaiṫte go ḃfuil sí fealltaċ, sanntaċ uaireannta eile agus go mbéiḋ a cuid féin aici ar deireaḋ. Is iomḋa duine a dtug sí sliġe maireaċtála ḋó, aċt ar an láiṁ eile is iomḋa duine a ṡluig sí ċuici féin gan sgaraḋ leis go deo, aċt is beag má tá tréiṫ ar biṫ innti naċ dtuigeann an cladaċóir agus cinnte is í atá tréiṫeaċ."

"Ṡul a n-imṫiġiḋ muid ó’n áit seo innseoċaiḋ mé sgéilín beag ḋuit a ċuala mé go minic, aċt b’ḟéidir gur ċuala tú féin é. ‘Caora Inis Géiḋe’ atá mé ag cuiṁniuġaḋ air," arsa mise le Miċeál nuair a ḃí an píosa cainnte ṫuas faoi na cladaċóirí agus an ḟairrge déanta aige.

"Ní cuiṁneaċ liom," ar seisean, "gur ċuala mé ariaṁ é agus le do ṫoil sgaoil ċugam é agus giorróċaiḋ sé an bóṫar dúinn mar tá sé i n-am againn an Fál Mór a ḟágáil."

"Seo é an ċaoi ar ċuala mise é. Casaḋ beirt ḟear as Inis Géiḋe ar aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid tráṫ aṁáin agus é ar intinn ag gaċ aoinne aca sgata caoraċ a ċeannaċt. Ċuartuiġ siad an t-aonaċ ar fad aċt ní raiḃ ann an lá sin aċt an sgata aṁáin gur ḃ’ḟiú ceannaċt. Níor ṫeastuiġ an sgata ar fad ó ċeaċtar de’n ḃeirt aċt ní raiḃ fear na gcaoraċ sásta an sgata a roinnt. Ar deireaḋ ṡocruiġ an ḃeirt as Inis Géiḋe an sgata uilig a ċeannaċt i bpáirt. Cúpla lá ina ḋiaiḋ sin nuair a tugaḋ na caoiriġ go hInis Géiḋe fuair an ḃeirt ḟear amaċ go raiḃ caora corr sa sgata. Annsin ṫoisiġ an clampar. Ní raiḃ ceaċtar aca sásta an ċaora ċorr a ḃeiṫ ag an duine eile agus ní leigfeaḋ an ċeann-dánaċt do ċeaċtar aca luaċ na caoraċ a ṫaḃairt do’n duine eile agus an ċeist a ṡocruġaḋ. Ar ndóiġ níor ḃ’ḟéidir smaoineaḋ ar ḋá leiṫ a ḋéanaṁ de’n ċaora agus cead ag gaċ aoinne aca leaṫ a ḃeiṫ aige.

Lean an t-aċrann mar sin go dtáinig an Geiṁreaḋ agus ḃí saoġal an ġirrḟiaiḋ ag an gcaora ḃoiċt ag imṫeaċt léiṫe, ruaigṫe ó sgata go sgata. Nuair a ṫáinig an t-am leis na caoiriġ a lomaḋ rug duine de’n ḃeirt ar an gcaora agus lom sé leaṫ-taoḃ ḋi, cead ag an ḃfear eile an leaṫ eile de’n olainn a ḃeiṫ aige. Níor ḃac an dara fear léiṫe agus ba seó do’n tsaoġal í anois agus leaṫ-taoḃ ḋi bearrṫa.

Ḃí go maiṫ go dtáinig oiḋċe ṗolltaċ, ḟuar sa nGeiṁreaḋ. Ċuaiḋ an ċaora ḃoċt ar fasgaḋ faoi ṫom driseaċa agus mío-áḋṁail go leor ċuaiḋ an olann ḟada i ḃfastóḋ ins na driseaċa sa gcaoi nár ḃ’ḟéidir léiṫe sin a ḟágáil gur cailleaḋ í. Annsin a ṫoisiġ an clibín agus an clampar i ndáirírí idir an ḃeirt ḟear faoi cé aca ba ċionntaċ le bás na caoraċ. Deir an fear nár lom a leaṫ féin di dá ḃfágtaoi í gan lomaḋ ċor ar biṫ naċ ngoillfeaḋ fuaċt na h-oiḋċe uirṫi agus naċ mbéaḋ call uirṫi dul ar fasgaḋ. Deir an fear eile nárḃ é féin ba ċionntaċ mar, dá lomṫaoi an ċaora uilig naċ ngaḃfaḋ sí i ḃfastóḋ mar ḃéaḋ an olann ró-ġearr.

Ċuaiḋ an ċeist ó ċúirt go cúirt gur boċtuiġeaḋ an ḃeirt ḟear sin ċoṁ mór leis an dliġe go mb’éigean dóiḃ an t-oileán a ḟágáil agus gan pinginn ruaḋ aca agus an ċeist gan socruġaḋ. Ó ṡoin i leiṫ tá sé ina leaṫ-ḟocal i nIorrus faoi ċeist ar biṫ a ṫéiġeas ó ċúirt go cúirt gur geall maiṫ le ‘Caora Inis Géiḋe’ é."

"Sin sgéal nár ċuala mé ariaṁ go dtí anois," arsa Miċeál, "agus ṁ’anam go gcreidfinn é. Bíonn daoine ann naċ leigeann an ċeann-dánaċt dóiḃ éisteaċt le réasún ná cóṁairle a mbéiḋ ciall léiṫe. Ba ṁilis a d’íoc an ḃeirt úd ar a gcuid ceann-dánaċta agus ba daor an ċaora orṫa í ar deireaḋ ṫiar."

"D’ḟéadfá a ráḋ go mba daor, a ḋuine, aċt naċ fíoraḋ ar an tsean-ḟocal é adeir gur i ngan ḟios do’n dliġe ba ċóir a ḃeiṫ ann ’gus ní costas ar biṫ an t-éadaċ?"

D’ḟág muid slán ag an ḃFál Mór agus ṫug muid an bóṫar aniar orainn féin mar ḃí sé ag teannaḋ amaċ go maiṫ sa lá. Aniar ṫríd Ġlais a ṫáinig muid ag tarraingt ar an Eaċléim. Baile réasúnta mór é Glais ó ṫáinig muinntir Inis Géiḋe isteaċ ann. I ndiaiḋ an ḃáṫaiḋ ṁóir a ḃfuil tráċt déanta air ṫuas tugaḋ talaṁ ar an ṁóir-ṫír do ṁuinntir Inis Géiḋe uilig sa gcaoi nár fágaḋ aoinne amuiġ ar na h-oileáin. Aċt má tá siad anois ar an ṁóir-ṫír tá a gcroiḋe go fóill ins na h-oileáin atá amuiġ ar uċt árd na dtonn.

Ba le iasgaireaċt a ċlaoiḋ siad nuair a ḃí siad ar na h-oileáin agus cé go raiḃ an obair sin anróiteaċ agus contaḃairteaċ, ḃí siad déanta air, agus a n-intinn air. Aċt nuair a tugaḋ isteaċ ar an ṁóir-ṫír iad le dúil go gclaoiḋfeaḋ siad le talṁaiḋeaċt, baineaḋ as a gcleaċtaḋ iad sa gcaoi anois naċ ḃfuil aon luiġe aca le curaiḋeaċt ná iasgaireaċt. Deir siad féin naċ ḃfuair siad leaṫ a ndíolaḋ de ṫalaṁ agus go mba deiseaṁla i ḃfad iad nuair a ḃí siad ar na h-oileáin ná mar atá siad anois. Ar ċuma ar biṫ tá an t-aos óg anois ag imṫeaċt leo go hAlbain agus go Sasana, nós naċ raiḃ aca ċor ar biṫ go dtáinig siad isteaċ ar an ṁóir-ṫír, ná call ar biṫ leis, má’s fíor dóiḃ féin é.

 

 

CAIBIDIL III

Sean-aṁránaiḋe - Breaṫnaiġ Inis Géiḋe - "Sail Óg Ruaḋ" - Sgéal an aṁráin.

NUAIR a ḃí muid ag teannaḋ aniar ar an gceann ṫoir de’n ḃaile ḃí bean ag buaċailleaċt cúpla bó i gcúlán a ḃí le h-ais an ḃóṫair. Ina suiḋe ar ċaragán cloċ ar ṫeorainn an ċúláin a ḃí sí, a h-aġaiḋ ar an ḃfairrge agus ar na h-oileáin amuiġ. Nuair a ṫáinig muid ní ba goire ḋi ṫug muid faoi deara go raiḃ sí ag casaḋ aṁráin di féin. D’ísliġ muid de na roṫair go ḃfeicfeaḋ sinn an dtiocfaḋ linn aon ṁeaḃair a ḃaint as a cuid aṁránaiḋeaċta. Gan aon stróṁ ḃain. Ba "Sail Óg Ruaḋ" a ḃí ḋá ġaḃáil aici agus cinnte, ba deas uaiṫi an t-aṁrán a ċasaḋ. D’ḟan muid go raiḃ sé críoċnuiġṫe aici agus annsin ċuaiḋ muid isteaċ ṫar an gclaiḋe agus suas ċoṁ fada léiṫe.

"Tá tú ag buaċailleaċt, bail ó Ḋia ort," arsa Miċeál.

"Tá go díreaċ, go mba h-é ḋuit," ar sise. "Is beag eile atá mé i n-ann a ḋéanaṁ mar tá aois ṁór orm agus ’sé mo ṡláinte é ḃeiṫ amuiġ nuair atá an lá go breáġ."

"Tá tú i n-ann níos mó ná buaċailleaċt a ḋéanaṁ," arsa mise, "mar is maiṫ is féidir leat aṁrán a ċasaḋ."

Ṫáinig meangaḋ beag gáiriḋe ar a h-aġaiḋ agus ar sise: "Leig do do ċuid magaiḋ anois faoi ṡean-ḃean."

"Ní magaḋ ar biṫ é," arsa mise, "aċt lom-ċlár na fírinne. Aċt cogair mé seo, le do ṫoil. Cé’n áit a ḃfuair tú an t-aṁrán sin a ḃí ḋ’á ċasaḋ agat ṡul a dtáinig muid aníos ċugat?"

"‘Sail Óg Ruaḋ,’ an eaḋ?" ar sise.

"Seaḋ díreaċ," arsa mise.

"Ḃí sé ag mo ṁuinntir róṁam le mo ṡean-ċuiṁne agus ṫáinig sé anuas ċugam-sa uaṫa, beannaċt Dé leo. Is beag má ḃí aoinne dá’r tóigeaḋ ariaṁ ar na h-oileáin úd amuiġ ó’n am ar ṁair Sail ḃoċt í féin amuiġ annsin, naċ raiḃ an t-aṁrán sin aige," ar sise.

Anois má ḃí iongantas ar aon ḃeirt ariaṁ ḃí iongantas orainne beirt nuair a ċuala muid sgéal na sean-ṁná sin faoi’n aṁrán cáileaṁail sin. Ḃí ḟios againn gur aṁrán é a ḃí le faġáil i gceiṫre ċeárda Fódla aċt níor ċuala ceaċtar againn go dtí sin go raiḃ aon ḃaint aige le Inis Géiḋe. Dá ḃriġ sin ċinn muid gan sin a ḟágáil go ḃfáġaḋ sinn amaċ ó’n tsean-ḃean seo gaċ a raiḃ ar eolas aici faoi’n aṁrán.

"Agus a ndeir tú liom é," arsa Miċeál, "go mba as Inis Géiḋe Sail Óg Ruaḋ?"

"B’as cinnte," ar sise, "agus dá ḃféadtaoi bun a ċur leis tá lúb gaoil agam féin le n-a muinntir. Tá daoine muinntearḋa ḋi ina gcóṁnuiḋe ar an mbaile seo go fóill, aċt ba amuiġ ar na h-oileáin a ḃí cóṁnuiḋe orṫa go dtí gur dearnaḋ tiġṫe ḋóiḃ annseo le goirid."

"Creidim," arsa mise, "go ḃfuil seanċas eicínt ag muinntir an ḃaile seo fúiṫe, nó b’ḟéidir go dtiocfaḋ leat féin tuairisg a ṫaḃairt dúinn fúiṫe, mar go mba ṁaiṫ linn an sgéal uilig a ċlons."

"Ḋeaṁan a ḃfuil agam-sa de’n tseanċas," ar sise, "aċt gaċ a ḃfuil ag ’ċuile ḋuine eile ar mo ḃaile agus bíoḋ sé agaiḃ agus fáilte." Leis sin ṫoisiġ uirṫi gur innis sí ḋúinn an sgéal seo a leanas i nGaeḋilg ġlain ḃríoġṁair:

Tráṫ aṁáin ba ṁór ar fad an ċáil a ḃí ar na h-aontaiġe a ḃíoḋ i mBéal a’ Ṁuirṫid, go mór ṁór ar aonaċ Lá ’l Muire Beag agus aonaċ na Saṁna. Ḃíoḋ ceannaċóirí ó ’ċuile ċeárd sa gconndae, mórán, ar na h-aontaiġe seo mar go mba ṁór an tír caoraċ é an ceanntar ṫart ar an mbaile mór, an tráṫ sin. Aċt ṫáinig lá eile air. D’éiriġ feilméirí an taoḃ sin tíre go mór as beaṫuġaḋ caoraċ agus ċlaoiḋ siad le curaiḋeaċt. Meastar gurḃ é an t-úġdar a ḃí leis an aṫruġaḋ go raiḃ na daoine ag dul i líonṁaireaċt agus an talaṁ ḋ’á roinnt orṫa, agus ar an áḋḃar sin ní raiḃ an leigint amaċ aca leis na tréada a ċoingḃeáil.

’Ċuile lá ariaṁ b’ḟearr oileáin Inis Géiḋe i gcóir caoraċ ná áit ar biṫ eile ar an ṁóir-ṫír ṫart ar an gcósta sin. B’ḟurast na caoraiġ a ṫigeaḋ as na h-oileáin a ṗiocaḋ amaċ ar aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid, ḃíoḋ siad ċoṁ raṁar beaṫuiġṫe sin. Dá ḃriġ sin ḃíoḋ tóir ṁór i gcóṁnuiḋe ag na ceannaċóirí go léir ar ċaoraiġ na n-oileán ar aontaiġe Ḃéal a’ Ṁuirṫid. Ḃíoḋ na ceannaċóirí ’ġá ngearraḋ féin amaċ sa luaċ sa gcaoi go ḃfuiġeaḋ muinntear na n-oileán an ṗinginn a b’aoirde i gcóṁnuiḋe ar a gcuid caoraċ.

San tráṫ sin ḃí triúr drioṫáireaċa de na Breaṫnaiġ ina gcóṁnuiḋe i nInis Géiḋe, agus le cruṫ agus dóiġeaṁlaċt ba doiliġ a sáruġaḋ a ḟaġáil. Fir ḃreáġṫa, ċruaiḋ-ḋéanta a ḃí ionnta agus ḃí siad ċoṁ dóiġeaṁail daṫaṁail sin go gcuirtí sunndas ionnta as imeasg an tsluaiġ ar aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid. Ḃí siad láidir, teann agus duḃṡláinneaċ agus gan baoġal orṫa a gcnáṁ a leigint go bog uaṫa ná go suiḋfeaḋ duine ar biṫ ina mbun. Aċt ar an láiṁ eile ḃí an córtas agus an ġeanaṁlaċt ionnta agus ḃí sé de ċáil orṫa nár ḋún siad súil ariaṁ ar an mboċtán ná ar an té a raiḃ call ná fágáil ar biṫ air, fad is ḃí an ċaoi aca-san fóirṫint air.

Drifiúr aṁáin a ḃí aca. Sail a b’ainm di agus mur’ raiḃ cion ag a cuid drioṫáireaċ uirṫi ní lá go maidin é. Cailleaḋ an ṁáṫair nuair a rugaḋ Sail agus ba le aire ċiuin agus freastal críonna a tugaḋ an naoiḋneán ṫríd, aċt ḃí a ḃuiḋeaċas seo ar ḃean-ġlúin an oileáin. Ní raiḃ Sail aċt ag teaċt ins na déaga nuair a báiṫeaḋ an t-aṫair agus é ag teaċt ó aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid agus d’ḟág sin na Breaṫnaiġ gan aṫair gan máṫair. Aċt má d’ḟág féin, ’sé an ċaoi ar ṁéaduiġ cion na ndrioṫáireaċ ar Ṡail agus ag méaduġaḋ a ḃí an cion agus an gráḋ sin in aġaiḋ an lae.

Gearrċaile ġleoiḋte, sgiaṁaċ b’eaḋ Sail. Gruag ḟionn-ḃán ag tuiteam ina duala trillseaċa anuas ar ’ċaon taoḃ de’n aġaiḋ láġaċ, ċineálta a ḃí uirṫi agus gan saṁail ar biṫ le taḃairt di aċt na ríoġain ṁaorḋa a ḃfuil tráċt orṫa san ḃFiannaiḋeaċt. Ḃíoḋ sí i gcóṁnuiḋe i n-éinḟeaċt leis na drioṫáireaċa ar Aifreann, aonaċ agus margaḋ agus ba doiliġ clann eile a ḟaġáil a ḃí ċoṁ dílis d’á ċéile leis an gclainn seo.

Ṫárla gur casaḋ na Breaṫnaiġ le sgata caoraċ ar aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid tráṫ, agus ḃí sin aca an sgata a b’ḟearr ar an aonaċ. Ḃí ceannaċóirí ag teaċt ag breaṫnuġaḋ ar na caoraiġ agus corr-ḋuine ag cur luaċ orṫa agus ag imṫeaċt leis aríst. Amaċ faoi ṁeaḋon lae ṫáinig ceannaċóir ó ċeanntar Ċaisleán a’ Ḃarraiġ ṫart agus ḃeannuiġ sé do na Breaṫnaiġ agus ḃeannuiġ siad-san dó. Ḃí sean-aiṫne aca ar a ċéile agus níor ḃ’ḟada go raiḃ na caoraiġ díolta ceannuiġṫe, an bonn-tsoċar tugṫa agus an béil-éist ḋ’á ól. Ḃí Sail i láṫair ag an mbéil-éist agus ba é seo an ċéad uair ariaṁ a leag an ceannaċóir súil uirṫi, cé gur ċuala sé cainnt uirṫi go mion minic. Ó’n móiméad ar leag sé súil uirṫi ṫuit sé i ngráḋ léiṫe agus sos ná suaiṁneas ní raiḃ aige ná ag na Breaṫnaiġ uaiḋ gur socruiġeaḋ lá an ċleaṁnais. Óig-ḟear múinte, tóigṫe a ḃí ann agus ba díol mná ar biṫ sa tír é. I gceann an dóiġeaṁlaċt a ḃeiṫ aige ḃí ainm an airgid air agus ba ṁaiṫ a ḃí a ḟios seo ag na Breaṫnaiġ agus ar an áḋḃar sin ḃí siad lán-toilteannaċ a ġlacaḋ mar ċéile do’n drifiúr.

Ar ċuma ar biṫ pósaḋ an ḃeirt agus i ndiaiḋ an ḃainis a ḃeiṫ ṫart i nInis Géiḋe ṫug sé Sail leis aḃaile. Ċuaiḋ na drioṫáireaċa leo ar cuairt go ceann seaċtṁaine agus b’in seaċtṁain a caiṫeaḋ go sultṁar má caiṫeaḋ seaċtṁain ariaṁ le aoiḃneas agus sult. Ba ḃrónaċ iad na drioṫáireaċa ar ḟilleaḋ aḃaile ḋóiḃ aċt ba ṁór a ċuaiḋ sé ċun sóláis dóiḃ go raiḃ fear fiúntaċ mar ċéile ag Sail.

Ba ċiotaċ ar fad a ḃí an saoġal anois orṫa sa mbaile gan bean sa teaċ aca aċt roiġniġ siad leo ag baint lá as agus gan ċainnt ag aoinne aca pósaḋ. Ċastaoi fear Sail’ orṫa go minic ag na h-aontaiġe agus ní ḃíoḋ aige ḋóiḃ aċt an deáġ-sgéal, agus lom-ċlár na fírinne aige ann mar go raiḃ an saoġal ag dul ar aġaiḋ go seolta leis féin agus le n-a ṁnaoi ó pósaḋ iad.

Aċt is corr-ḋuine naċ mbaineann an saoġal líomóg as luaṫ nó mall. I dtráṫa ama ḃí triúr clainne ag an lánaṁain agus ba doiliġ triúr a ḟaġáil a ḃí ċoṁ daṫaṁail, tóigṫe múinte leo. Aċt mar adeir an sean-ḟocal, "nuair atá an cupán lán seaḋ is fusa a ḋóirteaḋ" agus b’ḟearaċt sin é ag Sail agus ag a fear. Cailleaḋ ise i dtinneas clainne leis an tríoṁaḋ breiṫ agus fágaḋ an fear le triúr dílleaċtaiḋṫe le tógáil agus le soláṫar dóiḃ. Ḃí an saoġal ag teaċt crosaċ go maiṫ air anois aċt b’éigean dó cur suas leis. Ċuir sé a ṫoil le toil Dé agus ṡocruiġ sé go nglacfaḋ sé go foiġdeaċ le cébí a ḃí geallta ḋó, rud a rinne sé, cé go raiḃ a ċroiḋe réabṫa ina lár.

Cuireaḋ Sail i roilig Oileán Éadaiġ gan focal ná sgéal faoi n-a bás a ċur go h-Inis Géiḋe. B’ḟéidir gur ṁór a ḃeiṫfiḋe sa ṁilleán ar an mbaintriġ fir a leiṫeide a ḋéanaṁ aċt ba le teann truaiġe ḋóiḃ a rinne sé é mar nár ṁaiṫ leis an droċ-sgéal a ṡeolaḋ ċuca agus ḃí a ḟios aige go gcluinfeaḋ siad é sáṫaċ luaṫ.

Ní raiḃ caoi anois ag an gceannaċóir a ḃeiṫ ag dul ċuig na h-aontaiġe ċoṁ minic agus ḃíoḋ sé agus níor facṫas é ar aonaċ ná margaḋ taoḃ amuiġ ḋíoḃ seo a ḃí cóṁgaraċ ḋ’á ḃaile féin. Ċroṫnuiġ na Breaṫnaiġ as Béal a’ Ṁuirṫid é agus ḃíoḋ siad i dtólaṁ ag cur fáirnéise le ceannaċóirí eile faoi, go dtí ar deireaḋ fuair siad amaċ an sgéal ar fad, sé sin, go raiḃ Sail marḃ agus naċ mbíoḋ a fear ag dul i ḃfad ó ḃaile ó cailleaḋ í. B’aisteaċ leo é sin agus ġoill sé go mór orṫa nuair nár ċuir sé sgéal ċuca faoi ḃás Sail’. Ḃraiṫ siad gur dearnaḋ éagcóir uirṫi, naċ raiḃ sé ina ċeann ṁaiṫ ḋi agus go raiḃ sé ag ceilt na fírinne orṫa. Ċuir siad a gcóṁairle i gcionn a ċéile agus ṡocruiġ siad a ḋul ċoṁ fada leis agus cruṫuġaḋ a ḟaġáil dóiḃ féin faoi’n sgéal uilig. Ḃí rún ina gcroiḋe aca ag fágáil Inis Géiḋe ḋóiḃ go mbainfeaḋ siad díoġaltas amaċ dá ḃfáġaḋ siad cruṫuġaḋ gur dearnaḋ feall nó éagcóir ar an drifiúr.

Níor ḟás mórán féir faoi na gcosa aca ó d’ḟág siad Inis Géiḋe gur ḃain siad baile an ċeannaċóra amaċ. Ḃí an clap-ṡolas ann nuair a ḃí siad i n-aṁarc a ṫiġe agus ċinn siad go ḃfanfaḋ siad ag fálróid ṫart go n-éiriġeaḋ sé dorċa, agus annsin go ngaḃfaḋ siad go dtí an doras ag cluais-éisteaċt le faġáil amaċ céard a ḃéaḋ ar siuḃal istiġ. Nuair a ḃí an oiḋċe tuitṫe i gceart agus an saoġal go socair ciuin, d’éaluiġ an triúr leo go raiḃ siad taoḃ amuiġ de ḋoras an ċeannaċóra. Ar ṡroiċint an tiġe ḋóiḃ ċuala siad an fear istiġ ag bréagaḋ na bpáistí ċun codlata agus an t-aṁrán "Sail Óg Ruaḋ" ḋ’á ġaḃáil aige go binn-ġuṫaċ brónaċ.

D’ḟan an triúr ag éisteaċt go raiḃ an t-aṁrán críoċnuiġṫe agus annsin ba léir dóiḃ naċ raiḃ aon ḟeall ná éagcóir san sgéal. Ḃí siad sásta ina n-intinn agus cé go mba géar a sgrúduiġ bás an drifiúra iad-san ṫuig siad go mba seaċt ngéire a ġoill sé ar an té a ṫug gráḋ a ċroiḋe go fírinneaċ ḋi an ċéad ṁóiméad ar leag sé súil uirṫi aċt gur sgar an bás ó ċéile go deo iad.

D’ḟill na Breaṫnaiġ ar ais go hInis Géiḋe gan cur isteaċ ná amaċ ar an mbaintriġ fir ḃoċt. Ṫuig siad ó n-ar ċuala siad go raiḃ a ḋóṫain go binn de ḃuairt air agus sin ḋ’á noċtaḋ aige i n-aṁrán ḋ’á ċumaḋ féin.

Níl aon ċeanntar, mórán, sa gconndae naċ ḃfuil an t-aṁrán le faġáil ann. "Sail Óg Ruaḋ" a tugtar air i n-áiteaċa agus "Oileán Éadaiġ" i n-áiteaċa eile, aċt adṁuiġtear go ḃfuil sé ar ċeann de na h-aṁráin is brónaiġe aċt san am ċéadna orṫa seo is binne sa teangaiḋ.

Nuair a ḃí an cunntas seo ṫuas críoċnuiġṫe ag an tsean-ḃean, d’ḟiafruiġ muid di an mbéaḋ sí sásta an t-aṁrán a ráḋ aríst sa gcaoi go ḃféadfaḋ sinn é a sgríoḃaḋ síos mar go mba ṁian linn focla an aṁráin a ḃeiṫ againn mar a ḃí siad aici. Ṫoiliġ sí an t-aṁrán a ráḋ agus seo annseo focal ar ḟocal mar a ċan sí dúinne é.

 

SAIL ÓG RUAḊ

1

I nOileán Éadaiġ ’tá mo rún ’s mo ċéad ġráḋ,

An ḃean ar leig mé léiṫe mo rún ’s mé óg.

Triúr ar aon ċiall ag gol ’na diaiḋ-se,

’S an ḃean a ḃréagfaḋ iad mo léan, faoi’n ḃfód.

Tá mé go tréiṫ-lag ’s níl gar ’ġá ṡéanaḋ,

Níl mé ar aon ċaoi aċt mar a’ gceo

’S a stór mo ċléiḃe naċ tú d’ḟág liom féin mé

’S go ndeaċa tú i gcré uaim ’s tú i’ do ċailín óg.

2

I n-aois a sé déag ’seaḋ ṗós mé féin í,

Ba deas an féirín í ag fear le faġáil,

Ba deas a béasa ’s ba ċiuin é a méin-ṁaiṫ,

’S ba geal le réalt í ar maidin ḃreáġ.